Lorg mé pain au chocolat i mbácús in Bordeaux tráth. Chaith fear an tí místá orm, ionann is gur mhaslaigh mé a mháthair. "Ici, on dit 'chocolatine,'" a dúirt sé, agus thug orm é a rá trí huaire ina dhiaidh. Choc-o-la-tine! Bricfeasta a bhí uaim agus fuair mé ceacht canúinteolaíochta/foghraíochta.
"Raider" an t-ainm ar "Twix" sa Fhrainc. Dheineas iarracht ceann a cheannach i mbácús uair amháin, ach cé gur dheineas trí iarracht 'Raider' a fhuaimniú le blas láidir Francaise ⁊ an dá 'r' rólláilte go breá, ní raibh fiú splanc tuiscine ag bean an tsiopa ⁊ d'imigh mé liom gan mo bharra seacláide!
Cén Ghaeilge a chuirfeá ar Bordeaux? Bun Dobhair? Cois Dobhair?
I mo thuairim/mo thaithí/m'eispéireas féin, ní féidir huit à la crème na Bruiséile a shárú 😋
Agus ní féidir praghas a chur ar an méid sin! "pain choc" a deir cosmhuintir na Bruiséile