Cuma álainn ar an gclúdach. Ag súil go mór leis an leabhar a léamh! Treise libh a @antainmac.bsky.social@barzazie.bsky.social
Dea-scéala! Tá muid ag súil go mór leis ⁊ spás leagtha amach ar an tseilf dó.
I measc a shaothar foilsithe, tá dhá leabhar sa tsraith Nairnia le C. S. Lewis: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh agus An Capall agus a Ghiolla. Foilseofar Tír Bheag ar 18 Deireadh Fómhair.
Is é Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge ón bhFraincis. Is as Doire ó dhúchas d’Antain agus is scríbhneoir agus aistritheoir é a bronnadh duais an Oireachtais air.
Bronnadh an Prix Goncourt des lycéens ar Petit Pays sa bhliain 2016. Tá sé aistrithe anois go tríocha teanga agus cruthaíodh scannán den leabhar sa bhliain 2020.
Is é Gaël Faye a scríobh Petit Pays. Is amhránaí, rapaire agus scríbhneoir é a rugadh agus tógadh sa Bhurúin luath sna nóchaidí le linn chogadh na gcarad. Ba Ruandach í a máthair agus ba Fhrancach a athair. Spreag a shaol féin an leabhar seo.
idir an treibh Tutsis agus na Hutu. Ós rud é gur Tutsi í máthair Gabi, cuireann an tírdhearch polaitíochta isteach go mór ar shaol agus ar shoineanteacht Gabi.
Pléann an scéal le saol buachalla óig darb ainm Gabi agus é ag fás aníos sna nóchaidí sa Bhurúin, tír bheag in oirthear na hAfraice, tráth a bhfuil teannas polaitíochta, agus cogadh na gcarad ag briseadh amach i Ruanda, tír bheag eile sa réigiún céanna....