Go deimhin, gura fada buan do shláinte thú. Is go ró-éasca is féidir le breoiteacht an bonn a bhaint dínn ar feadh tamaill. Ach is iontach an feiniméan é biseach.
Puisín muirneach toilg?
Cé hiad na foirne a bheidh i gCraobhchomórtas Daorchluiche an Domhain i mbliana? Dhá fhoireann le cuireadh speisialta, b'fhéidir: na Detroit Tigers agus New York Mets?
"An casadh dearfach ar an mbeagán - mar dhea - atá fágtha le tarrtháil" a bhain an gáire asam.
Mar is eol fuair an t-iarthar an lámh in uachtar (ar dtús ba ón oirthear féin ná príomh-airí sna Länder nua; i gceann cúpla bliain bhí fir ón iarthar ina n-áit) & dhein an cíocras gan srian aniar dá bharr an-chuid dochair. Ba dhroch-thuar é i dtaca le cúrsaí i gcomhthéacs níos forleithne.
Bhíomar an-shásta abhus le Ceathair móide Dó & na socruithe eile ag an am. I ndeireadh an lae áfach níor thuigeamar na contúirtí a d'fhásfadh níos faide anonn as an ro-mhuinín b'fhéidir a bhí ag taobh amháin as dea-mhéin fhadtéarmach an taobh eile, rud a chiallaigh go raibh foráil nó dhó de dhíth
Ní dóigh liom go ndearfá aerfort sa lá inniu ar an dóigh sin.
Má tá trí uair a chloig agat bíonn Schiphol ceart go leor.