Cé gur fearr aerfort ná stáisiún traenach nó bus go minic.
Tá cúrsaí dian go leor abhus. Tharraingeodh alt dá leithéid i bhfoilseachán chomh hiomráiteach sin stoirm chaca agus bheadh daoine mór-le-rá go leor ina measc ag éileamh iamhairtí.
Céad slán le saoirse cainte!
Is fiú a lua go mbeidh na Glasaigh anseo i mBW ar ball beag ag ceapadh iarrthóra do phost an phríomh-aire (is óna Glasaigh an té atá sa phost faoi láthair & beidh sé ag éirí as ag an toghchán i Márta 2026). Tá an duine i gceist ar bharr an liosta. Ein Schelm... (Níor rith sin liom ach anois beag.)
Measaim áfach go raibh na tuairiscí faoin alt sna nuachtáin eile cruinn go leor. Tá sé sa Spiegel inniu go bhfuil a chomhghleacaithe sa pháirtí á cháineadh dá bharr. An bhfuil an sean-aighneas idir an dá eite sa pháirtí á nochtadh i lár na géirchéime ina bhfuil síad? www.spiegel.de/politik/deut...
Landwirtschaftsminister Özdemir berichtet von unangenehmen Erfahrungen, die seine Tochter mit Migranten machen musste – und drängt auf eine Asyldebatte bei den Grünen. Teile der Partei gehen ihn nun s...
Aire rialtais i mBeirlín é agus is de bhunadh na Tuirce é féin. D'fhéadfaí duine gan ró-thaithí aige ar chúrsaí an tsaoil iontas a dhéanamh den chaoi a gcuirtear an leagan nua den reacaireacht i láthair amhail is dá mbeadh a bhfuil á rá anois thar a bheith soiléir an t-am ar fad.
Thiocfaidh meadhrán i do cheann a mhire is atá an reacaireacht sa Ghearmáin ag casadh timpeall faoi láthair. Bhí sé sna nuachtáin inniu go ndúirt aire rialtais óna Glasaigh go mbíonn sé buartha faoina iníon & í ina haonar ar an tsráid mar go mbíonn "inimircigh neamhdhleathacha" ag cur isteach uirthi
Ní hionann. Agus aontaím leat; tá Siúcra éasca ar an gcluas.
An bhean ansa is ansa leis. Cuireann sé an t-amhrán le Zucchero "Senza Una Donna" i gcuimhne dom...
Ach má ba le Dónall Ó Conaill an tsráid cé aige ar fhág sé le huacht í? 🤔