Tá mise fós ag rá Marathon seachas Snickers. Agóid chiúin lán dínithe in aghaidh impiriúlachas cultúrtha SAM.🧐
Cuireann sé casadh íoróineach sa sean-nath 'i mBéal Feirste Cois Cuain'🙂
Agus cén dochar ach go bhfuil an dá cheann in achan phaicéad?
Nach ait an t-ainm é, Raider? Is mó a chuirfeadh sé bagairt in iúl ná milseacht. 🙂
Tobar an Fhíona🙂
Lorg mé pain au chocolat i mbácús in Bordeaux tráth. Chaith fear an tí místá orm, ionann is gur mhaslaigh mé a mháthair. "Ici, on dit 'chocolatine,'" a dúirt sé, agus thug orm é a rá trí huaire ina dhiaidh. Choc-o-la-tine! Bricfeasta a bhí uaim agus fuair mé ceacht canúinteolaíochta/foghraíochta.
Is dócha gur ‘eispéiris’ a bheadh ann sa tuiseal ainmneach agus ‘tionchar na n-eispéireas’
Molaim do mhisneach
Bhain mé an-sult as sin. Go maire tú!
Beoir bheannaithe