De gnáth, deireann muintir na n-áit "crebhí" nó "Craoibhe" is iad ag caint sa Bhéarla
Cuireann sé ionadh orm go mbíonn tumbaí faoin talamh i bhfearainn le Crevvy sa logainm. Deireann na h-oilte gur 'craobhach' an mír ach bhí ceist agam an 'crébhac' an focal cuí toisc go raibh clúdach chré orthu agus bac iad? Chugatsa don réiteach! Ldt
Fagaim foinse is fréamh na bhfocal agatsa
Fiobhac a bhíodh agam ach Tuar Ceatha agus Cuar Ceatha a thugann siad air anois. Tá Biorbhogha ann freisin
Níl a fhios agam ar chúnamh ar bith duit é seo ach, tá cnumh a fhaigheann tú sa riasc agus atann sé an bholg ort má íosann tú é. Dairbe an t-ainm atá ar an gcréatúirín seo.
Fás an Aonoíche nó muisriúm is mó a chloisim ach, thug muid Púicíní orthu agus muid óg. Bhí baint acu leis an bPúca agus na Sidhe agus ní raibh cead againn lámh a leagadh orthu. Is dócha gurbh bealach simplí chun leanaí a chosaint ón nimh agus na n-aislingí a thagann astu