Fás an Aonoíche nó muisriúm is mó a chloisim ach, thug muid Púicíní orthu agus muid óg. Bhí baint acu leis an bPúca agus na Sidhe agus ní raibh cead againn lámh a leagadh orthu. Is dócha gurbh bealach simplí chun leanaí a chosaint ón nimh agus na n-aislingí a thagann astu
Cúig lá gréine ar a chéile agus ar an séú lá thosaigh na duilleoige ag fóir orm! Samhradh thart - tá an Fómhar linn
Tá mo chuid beach lán gnóthach ar an bhFochann Bleachtach, an Sonchus Arvensis, atá cosúil le Chaiseabhán ach ní Caiseabhán é.
Tá na caorthroim linn. In aibítir na gcrann tugann muid Rúis ar an Sambucus Nigra ach an gnáth ainm ar an gcrann anois ná Trom. Níl a fhios agam an dtagann an t-ainm ar an deoch Sambúca as an gcrann seo ach dearfainn go dtagann.
Má thug tú faoi dheara go bhfuil dath buí nó corcra ar fórmhór na mbláth coille, b'fhéidir é go dtaithníonn na dathanna sin níos mó leis na beachanna. Ainm eile nach maireann ar beach ná cíoran (gan fafa ar an A). Cé mhéid Cill Chiaráin ar Coill Chiórain iad?
Tá síol na Neantóg agus na Luachra Airgid ag teastáil ón ngrúpa atá ag obair chun an Traonach a chosaint in Éirinn. Má tá tú in ann síolta a bhailiú is féidir iad a chur ag an ngrúpa in Ormton House i Luimneach